Faoi Chaibidil

Féile Ealaíon na hEaragaile

Dé Sathairn, an 12 Iúil go dtí Dé Sathairn, an 26 Iúil. 

Dhá sheachtain de scoth an cheoil, na hamharclannaíochta, na n-amharcealaíon, an scannáin, na litríochta, an tsorcais agus an charnabhail ar bhord farraige thiar thuaidh na hÉireann. 

Ba mhór ag Féile Ealaíon na hEaragaile tú a bheith i láthair chun spraoi a bhaint as na himeachtaí ar fad, nach ndéanfaidh tú dearmad orthu go deo, faoi radhairc mhórthaibhseacha Dhún na nGall. Le 25 bliain anuas tá tugtha againn chuig an gcontae álainn seo roinnt de na healaíontóirí agus de na compántais is mó clú agus cáil ar fud an domhain sa cheol, san amharclannaíocht, sna hamharcealaíona, sa litríocht agus sna radhairc amuigh faoin spéir. Ó scannáin i bhforaoisí agus i gcaisleáin go dtí amharclannaíocht nuálach, ealaín sráide agus sorcas i ngairdíní, i bpáirceanna agus in ionaid úrscothacha, beidh gnéithe éagsúla dár gclár ar siúl ó cheann ceann Dhún na nGall. Mar sin, cibé áit a bhfuil tú ag fanacht, beidh tú in ann sult a bhaint as scoth na siamsaíochta i gcroílár roinnt de na háiteanna sáráilleachta nádúrtha is fearr in Éirinn. Beidh Féile Ealaíon na hEaragaile ar siúl ó Dé Sathairn, an 12 Iúil go dtí Dé Sathairn an 26 Iúil, agus beidh neart taibhléirithe ag tarlú ar fud fad an chontae. Is é “Fiesta” príomhmhír na féile, ar dráma nua é a dhéanann ceiliúradh ar cheann de na hallaí rince is fearr dá raibh ann Éirinn, Halla Rince Fiesta i Leitir Ceanainn, agus ina dtéitear siar ar bhóithrín na smaointe chuig ceol agus chuig cuimhní na laethanta sin.

 I measc na mbuaicphointí eile tá “I Do”, ar saothar amharclannaíochta tumthaí é le Clonmel Junction Festival agus Dante or Die; “Bombino”, oíche i gcuideachta an ghiotáraí agus an cheoltóra Thuargaigh, Omara “Bombino” Moctar, réalta ó “Melting Pod Finale” an tSahára, máistir-rang sa mhéarchlár “melting pod” le Selan, ar ceoltóir, amhránaí, scríbhneoir, cumadóir, cóiritheoir agus léiritheoir as an Meiriceá é a bhfuil clú agus cáil bainte amach aige as an gceol leictreonach a mheascadh leis an bpopcheol agus leis an anamcheol; “Imaginarium”, radharc mórshiúil le Landscape Theatre Company LUXe (an 26 Iúil); agus an “Drive-In”, oíche spleodrach i bPáirc Foraoise na hArdadh, ag a mbeidh “The Goonies” ar siúl ar an gcéad oíche, agus iarrfar ar an bpobal cibé acu is mian leo “Evil Dead II” nó “Psycho” a fheiceáil ar an dara hoíche. 

Tá na sonraí ar fad le fáil ag www.eaf.ie